
Teacht Aniar: Meascra Dánta & Dánta Nua
Book Launch
17 February 2025 at 6pm

The James Joyce Centre in association with Poetry Ireland cordially invites you to attend a book launch by acclaimed Irish poet Dairena Ní Chinnéide on Monday, February 17th at 6pm.
Teacht Aniar: Meascra Dánta & Dánta Nua is an anthology of poems composed by Dairena Ní Chinnéide over the past two decades, plus a host of new poems, that give us an insight into the personal, versatile and creative world of the poet. This anthology contains the poet’s own personal choice from the collections she has published — poetry treasures from the first collection onwards. In these poems, we get a taste of the magic of a woman, a play from the clouds of darkness, a story about the search for mental wellbeing from a poet who works under the voice of women and mothers and who captures life as it she imagines it. The meaning of life itself is questioned in these poems. Dairena responds to her intellectual and physical environment in a lyrical, eloquent way that comes from the heart, mind and spirit with precise measure. There is a comeback, in every sense of the word, in this selection of poems that come back to us at times, that reveal the opposite side of life at other times and are full of vitality and originality. This collection provides food for the mind and imagination and by immersing ourselves in it, we get encouragement and hope that helps us all move forward through the rough life ahead.
Dairena will be joined by singer Síle Denvir for a relaxed conversation weaving music, song and poetry followed by a reception.
Doors open at 5.30pm. The event is free but booking is essential.
The James Joyce Centre is supported by the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media.
Tugann an James Joyce Centre agus Éigse Éireann cuireadh chuat do lainse leabhar filíocht nua Dairena Ní Chinnéide ar Dé Luan, 17ú Feabhra ag a 6 a chlog.
Is í ‘Teacht Aniar’ an t-ainm don leabhar nua seo. Is díolaim í seo a eascraíonn as an stór dánta atá cumtha ag Dairena Ní Chinnéide le scór bliain anuas, móide mám de dhánta nua, a thugann léargas dúinn ar dhomhan pearsanta, ildánach, cruthaitheach an fhile. Rogha pearsanta an fhile féin as na cnuasaigh atá foilsithe aici atá sa díolaim seo – seoda filíochta ón gcéad chnuasach anall. Sna dánta seo, faigheann muid blaiseadh den draíocht bhaineann, imir de scamaill an dorchadais, insint ar thóraíocht na sláinte intinne agus go leor eile, ó fhile atá ag saothrú fé ghuth na mban agus na máthar, agus a spíonann an saol mar a shamhlaítear di é. Ceistítear brí na beithsine féin sna dánta seo, freagraíonn an file dá timpeallacht intleachtach agus fhisiceach ar bhealach liriceach, líofa a thagann ó chroí, intinn agus spiorad an fhile agus déanann sí é sin uile go beacht tomhaiste. Tá teacht aniar, i ngach brí den fhocal, sa rogha dánta seo a thagann aniar aduaidh orainn ar uairibh, a nochtann taobh tuathail den saol ar uairibh eile agus atá lán de bheocht agus de dhúchas. Tugann an cnuasach seo lón don intinn agus don tsamhlaíocht agus ar ár dtumadh féin isteach ann, faigheann muid ugach agus dóchas uaidh a chuidíonn linn go léir treabhadh ar aghaidh tríd an saol corrach amach romhainn.
Béidh comhrá, ceoil, agus filíocht i gceist i rith na h-oíche le Dairena agus amhránaí Síle Denvir. Leanóidh an taispeántais le fáiltiú deochanna.
Oscalóidh doirse ag 5:30in. Béidh an ocáid saoir in aisce, ach caithtear ticéidí a ordú ar líne.
Tugann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán tacaíocht don James Joyce Centre.